www.fiannafail.ie

Fianna Fáil: The Republican Party

Sinne

Labhraíonn Fianna Fáil ar son ghnáthmhuintir na hÉireann. Sinne an t-aon pháirtí a bhain tromlach glan amach i nDáil Éireann arís agus arís eile. Ó bunaíodh an páirtí, is é Fianna Fáil an guth is seasmhaí agus is diongbháilte i ngnóthaí polaitíochta na hÉireann sa mhéid nach raibh ag rialtais eile lena gcoinneáil le chéile ach iad a bheith in aghaidh Fhianna Fáil. Ó thaobh chomh minic agus atá siad tofa níl aon pháirtí eile is faide curtha in oifig ná Fianna Fáil ach amháin Daonlathaithe Sóisialta na Sualainne.

Leanann Fianna Fáil mórphrionsabal an daonlathais - rialú na ndaoine, ag na daoine, ar mhaithe leis na daoine. Tá na focail "An Páirtí Poblachtánach" mar chuid d'ainm an pháirtí. Seasann ‘poblachtánach' d'aontacht an oileáin agus do dhílseacht do phrionsabail stairiúla fhealsúnacht phoblachtach na hEorpa- saoirse, cothromas, agus bráithreachas.

Chreid Fianna Fáil riamh go bhféadfaí nithe a bhaint amach. Bhí dearcadh dearfach dóchasach riamh ag an bpáirtí, ní bhuailfí iad. Tá sé mar aidhm ag Fianna Fáil gach uile dhuine a thabhairt le chéile faoi chomhfhéiniúlacht fhir agus mhná na hÉireann i náisiún bríomhar, láidir, gustalach.

CÓRÚ FHIANNA FÁIL

1. Is Gluaiseacht Náisiúnta í Fianna Fáil a chuireann roimpi féin:

(i) Aontacht na hÉireann agus a mhuintir a aimsiú faoi shíocháin agus trí chomhaontú.

(ii) Saol sonrach náisiúnta a thagann le traidisiúin agus idéil ilghnéitheacha mhuintir na hÉireann a fhorbairt mar chuid de chultúr níos leithne na hEorpa, agus chun an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga bheo na ndaoine.

(iii) Saoirse creidimh, saoirse shibhialta, comhchearta agus comhdheiseanna a ráthú do mhuintir uile na hÉireann.

(iv) Acmhainní agus maoin na tíre a fhorbairt go barr a maitheasa, ach tús áite a thabhairt do riachtanais agus do leas mhuintir uile na hÉireann chun an oiread fostaíochta inmharthana agus is féidir a chur ar fáil, bunaithe ar spiorad na fiontraíochta, na féinmhuiníne agus na comhpháirtíochta sóisialta a chothú

(v) Dúlra agus oidhreacht na hÉireann a chaomhnú agus cothromaíocht a chinntiú idir na bailte agus an tuath agus idir na réigiúin, agus an oiread teaghlach is mó is féidir a choinneáil i mbun talmhaíochta.

(vi) An teaghlach a chothú, freagracht shóisialta níos leithne a chur chun cinn agus tacú le riail an dlí ar mhaithe le leas agus le sábháilteacht an phobail.

(vii) Stádas na hÉireann a chothú mar Stát ceannasach agus mar lán-chomhalta den Aontas Eorpach agus de na Náisiúin Aontaithe agus an tsíocháin, an dí-armáil agus cúrsaí forbartha a chur chun cinn trí pholasaí eachtrach neamhspleách traidisiúnta na hÉireann.

(viii) Dlíthe agus Institiúidí an Stáit a athchóiriú chun go mbeidís níos eifeachtaí, níos daonnaí agus níos carthanaí agus gur fearr a fhreagróidís do riachtanais an tsaoránaigh.

2. Is mar Fhianna Fáil, An Páirtí Poblachtach, a eagrófar an Ghluaiseacht agus sin a thabharfar uirthi de réir na rialacha atá ceangailte leis seo.

3. Is tá comhaltas Fhianna Fáil ar fáil do gach duine a mbeirtear in Éirinn, atá de thuistíoch nó garthuistíocht Éireannach nó daoine a bhfuil gnáthchónaí agus cónaí dleathach orthu in Éirinn agus a ghlacann le Córú agus Rialacha Fhianna Fáil.