www.fiannafail.ie

Bertie Ahern, TD

Bertie Ahern
Bertie Ahern, TD

Constituency

Dublin Central

Notes

Contact

Email

Send an email to Bertie Ahern

Political Record

Tofa ina cheannaire ar pháirtí Fhianna Fáil ar an 19 Samhain 1994. I gceannas ar Fhianna Fáil i dtrí fheachtas bhuacacha toghchánaíochta.

Aire Airgeadais 1991 - 1994. Aire Saothair 1987 - 1991. Aire Stáit i Roinn an Taoisigh agus Cosanta, agus Príomhaoire an Rialtais 1982. Leas-Phríomhaoire 1980 - 1981.

Comhalta den Fhóram um Shíocháin agus Athmhuintearas. Rinne sé idirbheartaíocht ar an gClár Athshlánúcháin Náisiúnta thar cheann an Rialtais i 1987, ar an gClár um Fhorás Eacnamaíoch agus Sóisialta i 1990 agus bhí sé páirteach sa Chlár um Iomaíochas agus Obair i 1994.

Comhalta de Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath 1979 - 1991 (Ardmhéara 1986/1987). Cathaoirleach ar Choiste Mílaoise Bhaile Átha Cliath. Leasuachtarán ar Fhianna Fáil 1983 - 1994. Cathaoirleach ar Choiste Toghlaigh agus Eagrúcháin an Pháirtí 1987 - 1992. Rinne sé idirbheartaíocht ar an gcomhrialtas FF/PD i 1989 agus ar FF/LO i 1993.

Deartháir le Noel Ahern, Teachta Dála Fhianna Fáil do Bhaile Átha Cliath Thiar Thuaidh ó 1992.


Personal Details

Rugadh é i mBaile Átha Cliath 1951. Oideachas i Scoil na mBráthar, An Halla Bán, Baile Átha Cliath: Coláiste Tráchtála, Ráth Maonais, Baile Átha Cliath: UCD. Taoiseach, iarchuntasóir. Toghadh é den chéad uair i 1977 agus i ngach toghchán ina dhiaidh sin.